Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Shiubhailfinn páirt uait de Éirinn leat, is páirt na Gréige thall.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ní maghad leat, ná breag é, a chéad searc mo chroidhe,
Acht mo ghean ta uilig go léir ort a phéarla an cúill fhinn.
'S nár fághaid tú croidhe, go bfeichead mo leas ort ar thaobh Rosabhíl
III
I Ros-abeíl cois cuain, tá rún agus searc mo chléib'
Neál ní cobaduighim suimhneach le mór cumhad 'na diaidh
a dhéanamh liom dubh in uaigneas
Nach truagh libh fear mo sgéil
Acht sé mo leabaidh an uaigh mara b'fuaisluigh sé mé
IV
Buachaillín deas óg mé thugh mórán gean do mhnaoi, ghéall sé
dhom dhá bpósaim é, go dtógfadh sé mo chroidhe.
Níl airgead ná ór agam, mara(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Loideáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanadh Mhóinín, Co. na Gaillimhe