Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins an gceann tóir agus dhá gcuireadh sé trí braon ar a shuil bhí sé go maith agus bhí sé ariamh. Taobh toir de'n tobar fuair sé pota óir. Cheannuigh sé beithidheach talamh agus faoi cheann tamaill casadh an fear saidhbhir de'n bhfear bocht. D'fhiafruigh an fear bocht de'n bhfear saidhbhir cé is féarr an rógaire ná an cnéasta. Dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta agus dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire. Thairg an fear bocht do leath na mbeithidheach agus leat an airgead agus ní raibh aon maith dó ann. Cé an caoi a bhfuair an bhfear bocht an t-airgead? Chuaidh an fear saidhbhir go dtí an teampull. Bhain an fear bocht an dá súil as an bhfear saidhbhir agus amach ins an oidhche tháinig na cait "An bhfuil aon sgéal agat adeir an sean chat. Dubhairt na caith go bhfuil agus marbhuigead siad é agus go deo is féarr an cneasta.
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máighread Ní Fhlaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann