Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. an oiread eile de Mhuinntir Dé.
    Druid na dubha faoi ifreann,
    Agus fosgailt geata Flaithis Dé.
    Leig an tsolus mór amach,
    Agus an t-anam cruaidhe isteach.
    A Dia déan trócaire orainn
    Agus a Mhic na h-Óige go bhfuightheá ar n-anam
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. A Dhia tá mé ag iarraidh mo dhéirce,
    Mé a leigint isteach i dteach na Féile.
    An áit nach iarrfaidh mé biadh na éadaigh
    Ar feadh na Glóire agus é ghá h-éisteacht,
    A Bhainrioghan na bFlaitheas, A mhathair Mhic Dé.
    Nuair nach mbéidh againn acht triall ar an mbás
    Bréith dhamanta ná raibh ar n-anam go bráth Amén.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge