Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 222
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín deas áluinn ann uair amháin agus bhí beirt buachaillí ag déanamh grádh leithe. Do thigidís le’n i fheiceál ar am airithe. Do thigeadh an chéad buachaill gach oidhche acht ní thigeadh an buachaill eile acht go h-annamh. B’fhearr leis an cailín an dara buachaill acht níor mhaith leithe an céad buachaill cor ar bith. Oidhche amháin do thárla gur tháinic an beirt buachaillí ag an am céadna. Bhí an cailín i gcruaidh gcás annsin agus sa deireadh rinne sí fleadh dóibh. I lár an fleadh do thóg sí a gloinne aníos agus seo é an rud a dubhairt sí le chur i dtugsint don chéad buachaill nár mhaith leithe é.Olaim do shláinte a mhinic a thig,
Faoi tuairm sláinte minic nach dtig,
’Sé mo thruaigh agus mo chreach nach é minic nach dtig,
A thigeas leath chómh minic le mhinic a thig.