School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)
- Location:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean Bhaile Árd
- XML Page 221
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní téigheann cileóg isteach i mbéál dúnta
Aithnigeann ciaróg ciaróg eile
Bíonn cuile sguab nua go maith
Má labhrann an chuach ar crann gan duilleabhar díol do bhó agus ceannuigh arbhair
Cuairt gearr an cuairt is fearr agus gan í a thabhairt acht go h-annamh
Is fearr suidh gearr ná seasamh fada
Tuigeann Tadg Taidhgín agus tuigeann Taidhgín é fhéin cé'n fear is fearr Taidhgín ná Taidgín e fhéin
An rud a sgríobhann an pucaí léigheann é fhéin é
An lá a cheannuigheann tú sin é an lá a díolann tú
Nuair is mó dheifir 'sead is mó do mhoill
Is furusta dul thar teach nach bhfuil mada ann
Is minic fear fada ag ceannacht fataí ó fear gearr
Cuid de'n mhuic a iarball
Is lear do'n dall a bhéal
Nach deas í an glaineacht mar a dubhairt an sriall
Bhéarfaidh bó eicínt laogh eicínt lá eicínt
Ciathfar damsa do réir an phuirt
Is deacair olann a bhaint de'n gabhair
Ar adarc a beirtear ar bhó ach le na teangaidh a beirtear ar duine
Ná leig do rún le bun an claidhe go mbreathnuighidh tú thar a bharr
Tosas maith dá dtrian na h-oibre
An té atá thíos buailtear cos air is an té atá thuas óltar deoch air
Ní fhásann duilleabhar ar crann a thuiteas
Is fearr an troid ná an t-uaigneas