Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Óbáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (C)
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal
    Tháinig fathach mór ón tSualann go h-Éirinn aon uair amháin. Bhí fathach eile in Éirinn darbh ainm Fionn. Bhí an fathach eile ag eisteacht le scéalta i dtaobh Fionn in a thír féin.
    Tháinig sé go h-Éirinn annsin agus ní raibh aon fathach in aon tír eile nach raibh buailte aige acht amháin Fionn. Chuir sé fios ar Fionn go raibh sé ag teacht.
    Ní raibh a fhios ag bean Fionn céard a dhéanfadh sí. Cheap sí ar chleas ar an bhfód. Bhí cliabhán ins an teach agus cliabhán an mhór do b'eadh é. Chuir sí Fionn ins an gcliabhán. "Anois" ars an bhean, "déarfaidh mise nach bhfuil tú sa mbaile."
    Tháinig an fathach an lá in a dhiaidh sin. Lá fuar agus gaothmhar do bhí ann. Nuair abhí an fathach istigh i dtigh Fionn bhí an ghaoth ag séideadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhaoithe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fhaoithe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe