Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dúnlocháin
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Scéalta Grinn”
  4. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí bean ann fadó agus bhí mac aice. Lá amháin rinne sí cáca agus dubhairt sí leis an mac aire a thabhairt do'n chaca go raibh sí ag dul go dti an tobar i gcoinne canna uisce. Rug sí ar an channa agus chuaidh sí go dtí an tobar. Buachaill báire a bhí ann agus nuair a bhí a mháthair imthighthe chuaidh sé go dtí an driosúr. Thóg sé buidéal a bhí ann. Rud buidhe a bhí san mbuidéal agus do bhí boladh láidir as. Chúir sé cúpla braon anuas ar an gcáca. Thosuigh an cáca ag dul i méid, d'eirigh sé go béal an oighin. Annsin léim sé as an oighin, rith sé timcheall an tighe isteach faoi an mbórd agus amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.