Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dúnlocháin
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a dhóthain. Annsin chuaidh fear an tighe agus a bhean agus a chlann in-a gcodhladh acht ní dheacaidh an file in-a codladh cor ar bith. D'fhan sé cois na teine, Niorbh fhada gur eirigh fear an tighe mar thainic ocras air agus chuir sé cáca síos san luaithreach. Nuair a chonnaic an file é d'eirigh sé in-a suidhe agus shuidh sé ar cathaoir agus thosaigh sé ag inseacht scéil do faoi truir dreatháir a bhí aige. Dubhairt sé go raibh gabhaltas talmhan aca agus go raibh siad ag iarraidh é a roinnt ar a chéile. Fuair se bata agus thosaigh sé ag roinnt na talmhan insan luaithreach, dubhairt sé gur teastuigh fear acu é a roinnt mar seo agus fear eile mar seo agus an caoi a raibh sé bhí sé in-a phraiseac acú agus rinne an file praiseach do'n cháca a bhí insan luaithreac. B'éigin d'fhear an tighe dul a chodladh arís. Thainigh ocras mór air agus niorbh fada gur eirigh sé arís agus amach leis san ngairdin ag ithe cabaiste acht niorbh fhada gur lean an file é le bata agus thosaigh sé ghá bhualadh. Leig an fear sgread as, dubhairt sé "Is mise atá ann". Tá fhios agam gur tusa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghórthain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Manainn Mhór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bhal Ghórtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50