Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)97. Ní féidir leis an ngobadán an dá thráigh fhreastal
98. An té choinneochas a shiopa coinneochaidh a shiopa é.
99. Níl tuile dá mhéad nach dtráigheann.
100. Níl fíor ná bréag dá dtiocfaidh na bhéal nach ndéanfaidh an té bhíos cráidhte.
101. Is minic bhíonns cnamha móra ag droch mhada
102. Tagann maith ar cairde agus grásta ar foighid
103. An té bhíonns thíos buailtear cos air; agus an té bhíonns thuas óltar deoch air.
104. Is fearr an t-ádh na eirge go moch.
105. Is fearr cara sa gcúirt ná bonn sa sparán.
106. Is fearr beagán de'n ghaol ná mórán de'n charthannas.
107. Comhrádh blasta agus beagán bídh.
108. Is misde an cnámh a síneadh nuair atá an bolg lán.
109. An té a bhíos ag magadh bíonn a leath faoi féin.
110. Nuair is críonna an tslat is deacair é a shníomh.
111. Bíonn gach madadh teann in doras a thighe féin.
112. Ní leis na fir móra a baintear an fhóghmar.
113. Is furusda duine a chur amach nach bhfuil teach aige dó féin.
114. Is fada siar an rud nach gcuirfeadh Dia aniar
115. Ná téidheadh do shúil thar do chuid.
116. Is fear is laidre na Dia a chuirfeadh fad siar ar an teach.
117. Dealg láimhe nó focal amadáin.
118. Mur mbí agat ch pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis.
119. Da laghadh díol an dreoillín caithfe sé a sholáthar
120. Níl idir dhá lá ar bith ach aon oidhche amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)