Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus sé an t ainm a bhí air Conán Maol. Duine do na Fianna do bheadh é bíodh sé i gcomhnuidhe ag eascaindhe agus baisteadar Conán Maol na Mallacht air. Uair amháin bhí baintreach i áit ecint i mBla Cliath agus ba col ceathar dó í. Ba mhaith leis é sin do dhéanamh. Cuaidh sé ar barr cnoc annsin agus glaoidh sé ar barr a cínn tearadh annuas anseo agus pósadh mé tú adubhairt sé annsin níor cualadh aon duine é agus d'imthigh sé an d'en cnoc. Nuair a bhí sé ag teacht tridh na sléibhte connaic sé capall agus searach.
Cuaidh sé ag marcaidheacht ar an gcapaill agus casadh Fionn agus na Fianna dó agus dfhiafruig siad do cá raibh sé agus d'innis sé dóibh. Dubhairt Fionn leis "Tearadh anuas d'en capall sin" tosuig sé ag eascaindhe agus thosuigh siad ag glaoidheach Conán Maol na Mallacht air. Tháinig sé anuas de'n capall ansin agus cuaidh sé leis na Fianna. Cuaidh Conán agus na Fianna go dtí sleibhte Cille Manntain agus casad an baintreach dóibh. Cuaidh Conán i na dhiaidh agus d'fiafruigh sé de ná posaidh sí é agus dubhairt sí ná bposaidh.
Ní maith leis é sin agus annsin rith sé le na anam go dtí na Fianna agus a bhí an- bhrisadh croidhe air faoi nach bposadh an bean sin é. Dubhairt sé le Fionn bean deas uaisle a fhághail do agus dubhairt Fionn an bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)