Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 429

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 429
  3. XML “Cailleach na Luibheanna - Bean Feasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é agmar uidheacht ar a chapall, dubhairt sé gur casadh. Leis sin dubhairt sí leis dul chuig an fear eile agus a rádh leis teacht go dtí anstábla. Chuaidh an fear chuig teach an fhir eile agus d'innis sé dó teacht go bhfeicfeadh sé an capall. Dubhairt an bhean fheasa leis: "bail ó Dhia air" a rádh. Annsin dubhairt an fear i "Is breágh an capall é sin bail ó Dhia air". D'éirigh an capall ó'n urlár agus é comh laidir luath is a bhí sé riamh.
    Uair eile chonnaich fear bocht sáil? adhmaid agus é ar barr uisge? ag teacht isteach leis an tuille. Chuaidh sé síos go dtí an cladac agus thairring sé an t-adhmad isteach, Ach gortuigh sé a ghluin go mór. Bhí air dul abhaile ar leath chois agus a leaba a thabhairt air. Bhí sé ina luighe le tamall fada agus ní raibh sé ag eirigh bisigh? Sa deireadh chuir sé fios ar an bean feasa. Tháinigh sí, agus ó thárla fios roimh ré a bhí aici, thosuigh sí ag innsint dó céard a bhí ar? carr? lena chois. Mhol sí dó cirighe? agus dul síos chuig an gcladach, agus a chos a nigh leis an uisge guirt?, go mór mhór an gluin tinn. Bhuail pian báchárach? ar a ghluin, & chuaidh sé righthe? go leor leis teacht abhaile. Ar chuma ar bith i gcionn cúpla lá, bhí feabhas mór air; agus taréish seachtniaine no mar sin, bhí se chomh slán is a bhí sé riamh. Bhí cumhacht leighis ins an sáile de réir na mná úd, agus creideann na daoine annseo, go raibh a fhirinne aici, fán sáile & an tuisge guirt?
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Teanga
    Gaeilge