Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Ba mhinic bhris béal duine a shrón.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Sé an carr folamh is mó a ghníos torann.
Ní hiad na fir mhóra a bhaineas an foghmhair
Is furasta fuinneadh in aice na mine.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb
An rud a leigfead duine marbhocadh sé duine eile.
Dá fhaid an lá tagann an oidhche
Is maith an t-annlann an t-ocras.
Is fearr ubh indiu ná damh ambárach
An té nach gcuirfeadh san Earrach ní bhainfidh sé sa bFoghmhair
Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn na lucha ag rinnce.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
An iomarca cócaire a mhilleas an t-anbhruit
Is fearr féachaint romhat ná dhá féachaint id do dhiaidh
Sé crutú na putóige le n-ithe
Bíonn ceann dubh ar gach maidin Earraig.
Nuair a bhíos an fíon istigh bhíonn an ciall amuigh
Is giorra cabhair Dé ná an doras.
Beart gan leigheas is foighid is fearr air.
Is fearr stuaim na neart
Ní dhéanfadh an saoghal capall rása d’asal.
An té is mó osglas a bhéal sé is lugha osglas a sprán
Siad na muca ciuine a itheas an mhin
An duine a shiubhlas bothar fada meileann sé mín agus garbh
Éist leis na seandaoine ag silfidh tú eolas a bheith
Is maith an t-iománaí a bhíos ar an gclaidhe
Is maith sugh bó; beo ná marbh
Ní hé a bhean is áilne is truime ciall.- Bailitheoir
- Máire Ní Conraoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe