Scoil: Baile Rua (Buachaillí)

Suíomh:
An Baile Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Mac Crosáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0014, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0014, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Rua (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tamaill tháinigh an fear lé h-aghaid a caora agus connaic sé go raibh sí imthighthe. Bhí fearg air annsin agus dubairt se cá bfuil mo caora. Chuaidh sé abaile agus tháinig sé aon la amháin eile. Nuair a chonnaich an buachall é chuaidh sé isteach i gcoill agus thosuigh sé ag cáinnt an caoi a leabrann an caora. Ceap an fear gurbh'í an caora a caill sé an lá roimhe sin. Dfhág sé an caora a bhí aige in-aice leis an claidhe agus nuair a chuaidh sé isteach ins an gchoill ní raibh an caora ann. Comh thapaidh is a dtháinigh sé amach as an gcoill bhí an caora eile imthigthe ag an mbuacall. Annsin chuaidh an fear abaile agus ní raibh áthas ar a chroidhe . Lá ar na bárach chuaidh an buachall agus a máigistear go dtí an baile mór agus bhí siosa a raibh go leór ór ag an b'fhear a bhí ós a cionn. Dubhairt an múinnteór leis an mbuachall an ór a fhághail dó. Do cheannuigh an buachall tré buidéal uisge beatha agus nuair a chuaidh sé isteach thugh sé an t-uisge beatha don gárda agus deirigh sé ar misgeach. Annsin chuaidh an gárda a codhladh . Annsin fuair sé an ochar as a pócha agus chuaidh sé ag an ór. Thug sé choghnamh dó féin freisin. Maidin ar na bárach fuair an fear amach é agus bhí sé ar buille. Cuir sé fios ar an mbuachall. Nuair a tháinig sé dubhairt an fear leis. Ní deanfhaidh mé aon rud dhuit dá geobfhaidh tú an breathlainn atá faoi mé féin agus mo bhean anocht. An oidhche sin chuaidh an buachall go dtí an teach agus thosuigh sé ag ceapadh . Fuair sé piopa agus cuir sé suas leis an bhfuinneóigh é. Annsin caith an fear ochar leis agus do thuit an píopa agus ceap an fear gurbh é an buachall a thuit. Annsin chuaidh sé amach le h-aghaidh an buachall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Reachtagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Coill na Log, Co. na Gaillimhe