Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhíonn an lá go breágh agus tosuigheann sé ag déanamh pící agus tuaghanna.
Bhíodh cuid de na gaibhne an-láidir agus deirtear go mbíodh cuid aca ag tarraingt fiacla fadó. Uair amháin tháinig fear go dtí gabha agus d'fhiafruigh sé den ghabha an gcuirfeadh sé crúidhte faoin gcapall dó agus dubhairt an gabha go gcuirfeadh. Annsin nuair a bhí na crúidhte curtha ar an gcapall ag an ngabha d'fhiafruigh an fear de cé an t-airgead a bhainfeadh sé de agus dubhairt seisean dhá phinginn ar an gcéad táirne agus é a dhúbailt uaidh sin amach. Pé ar bith airgead a bhí ag an bhfear ní raibh sé indhan na crúidhte ná na táirní a íoc. Is minic sa tsean-aimsir a dhéanfadh na gaibhne tuaigh agus pící chun troid a dhéanamh. Sílim nach raibh aon bhaint ag aon cheárdchan le cath mór stairiúil.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe