Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 386

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 386

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 386
  3. XML “An Fear a Chuaigh go Sasana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    léi, nach raibh sé cionntach ar chor ar bith- nach ndearna sé tada ach píosa a bhaint as cóta an fhir a rinne é. Thug sé an píosa dhóibh agus dubhairt leo rith agus go dtiocfadh siad suas leis. Bhí an ceart aige. Gabhadh an dúnmharbhuightheoir agus cuireadh i bpríosún é.
    D'imthigh an fear eile leis, agus ba ghearr an t-achar a bhí siubhalta aige nuair a casadh beirt fhear air agus d'fhiafruigh dhe an dtiocfadh sé an t-aithghiorra leo. Shiubhal sé leo tamaillín, agus annsin ar an bpoinnte boise chuimhnigh sé ar chomhairle an fheilméara. Chas sé ar ais agus chuaidh sé an t-slighe fhada. Ní fada gur chuala sé béicigheal agus caoineadh agus sgreadadh ó'n mbeirt fhear. Robáilte a bhíodar ag daoine a bhí ag dul thart ins na sléibhte.
    Sa deire thiar thall shroich an fear a áit dhúthchais go slán. Bhí a bhean in a codladh, agus an mac a rugadh dó an oidhche a d'fhág sé an teach, bhí sé in a fhear óg agus féasóg fhada air. Tháinig sé roimhe ar an toirt é do mharbhú, ach mar sin féin chuimhnigh sé ar chomhairle an fheilméara, sé sin gan tada a dhéanamh san oidhche mar go bhfeicfidhe ar maidin é. Ar maidin nuair a dhúisigh sé cuireadh in iúl dó gurbh é a mhac féin a bhí ann agus geallaim dhuit go raibh áthas air nár mharbhuigh sé é. Ag an mbricfeasta ghearr an bhean an cáca, agus thuit a raibh d'airgead saothruighthe ag an bhfear amach as. Bhí iongnadh agus áthas an domhain orra go léir ní nárbh iongnadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aine Ní Cárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    10