Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 067
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus léimeann sé amach thar cheann an té a bhíos roimhe. Éirigheann siad uile mar seo agus léimeann siad thar cheann a chéile nó go mbíonn an chéad duine ar deire.
Seo cuid de's na cinn a bhíos ag cailíní.
Geibhíní: Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche sin. Téigheann duine amháin ar tosach agus téigheann na cailíní eile uilig ina diaidh ach amháin duine. An duine a bhíos fágtha téigeann sise mar shionnach agus triálann sí gach cleas le duine de's na cailíní deireidh a thabhairt léi. Bíonn an chéad duine mar mháthair agus bíonn sí ag iarraidh na daoine eile a chosaint.
Dathanna:
Beireann na cailíní uilig ar a chéile ach beirt. Téigheann an bheirt sin amach agus toghann siad dhá dhath. Árduigheann siad a gcuid lámha agus téigheann na cailíní eile amach fútha ach amháin an duine deireannach. Fiafruigheann an bheirt a bhíos amuigh de'n duine sin cé aca de'n dá dhath a bhíos tóghtha aca is fearr léi. Pébí ceann a deireas sí téigheann sí ar chúl an duine a mbíonn an dath sin aici. Leanann siad ortha mar sin nó go dtí nach mbíonn aoinne fágtha. Ansin tosuigheann siad ag tarraint a chéile ar fud na páirce.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe