School: Maighros

Location:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 066
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha caitheamh aimsire a bhíos ag na daoine thart anseo le h-aghaidh laetheannta saoire an t-Samhraidh a chaitheamh. Seo cuid a bhíos ag na buachaillí. Gach Domhnach bailigheann siad i dteannta a chéile le h-aghaidh na gcluichí seo: Ceann an-choitcheannta is eadh asal agus cléibhín. Seo é an chaoi a n-imrightear é: Téigheann duine amháin síos ar a ghlúinibh agus téigeann duine eile ar 'chaon taobh dhe. Suidheann siad síos agus cuireann siad a gcosa suas aar dhruim an té atá ar a ghlúinibh. Beireann siad ar chosa a chéile agus bíon siad ag iarraidh a chéile a ardughadh.
    Is minic freisin a bhailigheann siad na madaí le chéile agus téigheann siad chuig an gcnoc ar lorg sionnaigh. Dá mharbhóchadh siad é bhainfidís an ceann de agus dhíolfaidís é. Faigheann siad coróinn ar a cheann agus deich sgilleacha ar a chraiceann.
    Laetheannta eile is amhlaidh a théigheann siad ag fiadhach coiníní nó girrfhiadhacha.
    Muca mara: Seo é an chaoi a n-imrightear é.
    Téigheann scata buachaillí amach ins an bpáirc agus croman siad síos. bíonn siad i ndiaidh a chéile. Éirigheann an duine deireannach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe