School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 021
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá gach duine thart annseo i ndon cléibh a dhéanamh.
    Seo é an chaoi a ndéantar iad:
    Ar dtús baintear na slata agus cuirtear ar bogadh sa taoille nó i bpoll uisce iad. Tar éis cúpla lá tógtar iad agus leagtar amach ar an talamh iad nó go silfidh siad. Déantar múnla ar mhéid an chléibh ansin agus socruightear ar an talamh é. An chéad rud eile ná na heasnacha a sháith agus bíonn trí slata le haghaidh na n-easnachaí coirnéil mar caithfidh siad a bheith níos láidre ná na cinn eile. Tosuigheann siad an buinne béil ansin agus ocht slata déag a chuirtear ann. Figheann siad go dtí an táis ina dhiaidh sin. Na gnáth cléibh naoi n-ordlaigh a bhíos siad ó'n mbuinne béil go dtí an táis. Bíonn ocht slata déag sa táis freisin. Nuair a bhíos siad ag leagan na táise fágann siad poll le haghaidh na h-........ Figheann siad go dtí an tóin ansin. Ocht n-orlaigh a bhíos ó'n táis go dtí an tóin. Nuair a bhíos an tóin leagtha acu baineann an cliabh agus bearann siad na slata.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Maitias Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Seosamh Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway