School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 003
  3. XML “Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéaltaí faoi cistí óir i bhfolach.
    Timcheall an ama a raibh Annraoí VIII ina rí ar Shasana bhí trioblóid sa tír seo idir Normánaigh agus Gaedhil. Aon nduine a raibh mórán airgid aige bhíodh sé 'á chur i bhfolach sa talamh nó i sean bhalla eicínt ionnus nach bhfuigheadh na robálaí é. Bhíodh na cneamhairí seo ag dul thart shiubhal oidhche agus teach ar bith a gceapaidis go raibh airgead ann theighidís isteach ann agus réabaidís é ar thóir an airgid sin.
    Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach san sean teampoll atá thuas i reilig Mhiaghruis. Bhí sé ráidhte duine ar bith a gheobhfadh an t-ór go dtuitfhead píosa de'n mhéir dhe, mar go raibh cú sidhe ag tabhairt píosa do'n phota. Uair amháin chuaidh fear ar a thóir acht ghearr se a mhéir le cloch ghéar agus chaith sé annsin é. Ní raibh aon chlaidhe ar an reilig ag an ám seo, agus bhíodh beithigh ag dul isteach ann. tháinig fear abhaile as Canada uair eile agus shocruigh sé dhul ar thuairisg an chiste pé rud a chosnóchadh sé. Ba ghearr go raibh sé ag tóruidheacht agus ag cartadh ar fud na ndriseacha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Stiophán Mac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Maíros, Co. Galway
    Informant
    Beartla Guairim
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway