Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Connradh na Gaedhilge
(I)A Chonnradh na Gaedhilge, mo ghoirm go héag thú !Gan duairceas 's go séanmhar go raibh tusa choidhche !Fad 's mhaireas na tréan-fhir tá againn i nÉirinnIs cinnte nach n-éágfaidh tú i nOileán na Saoi.Na daoine breágh Gaedhealach tá ag oibrúighadh go tréanmharNa buachaillí féidhmeach 's na cailíní groidhe,An seanóir lag lúbach 's gach duine le dúthracht -Anois tá siad músglaidhe le cúmhachta 'gus croidhe.
(II)Bhí Éire go séanmhar i naimsir na GaedhealtachtI sean-Inis Éilge bhí subhchas 's sógh;Bhí daoine breágh tréanmhar ag oibrúighadh le laochrasAg neartúghadh na hÉireann gach oidhche agus ló;Bhí tréineacht 's croidhe ann, bhí buachaillí groidhe ann,Bhí sonas 's saoirse ann agus aoibhneas rí-mhór;Fad is bhí acab Gaedhilge, 's nar dearnadh a séanadh,A ndealúghadh ó chéile níor bhaoghlach go deó
(III)Acht tháinig an bhéarla , 's do sgaip sé go héasgaidh,'S thar timcheall na hÉireann is léithmhar a sheól,Do dhubhuig na spéártha le sgamaill an bhéarla,'S dathruigh Sean-Éire ar shlíghe nach raibh cóir;Do múchadh an Ghaedhealtacht i gcroidhthibh na gcéadta,'S fágadh go héag iad faoi dhuibhshion an cheó;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míchéal Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe