School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0315
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TomhaiseannaDroichead ar loch gan maide gan cloch.
Fr. = leic-oighre.
Teachtaire beag ó theach, go teach, agus bíonn sé amuigh sa'n oidhche.
To = casán.
Tháinig sé isteach ar dhruim na ndaoine, is chuaidh sé amach chomh mín le síoda.
= móin.
Chuaidh mé suas, agus anuas an bóthairín agus thug mé an rud liom, ná'r raibh mé a iarraidh.
= dealg.
Corcán óir, is é lán d'fheóil bheó.
= méaracán.
Cé méid cois ar ucht muilt.
= dhá chois.
Siúd é sa gclúid é agus dá cheád súil air.
= pota anbhruith.
Saighdiúirín dearg i mbárr an chrainn, cloch ina bholg agus maide ina dhruim.
= sgiochóir.
Chuaidh mé suas, agus anuas an bóthairín, agus thug mé an bóthairín ar mo dhruim liom.
= dréimre.
Tobairín fíor-uisge i mbárr an bhaile, bultaí iarainn(continues on next page)