Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0106
- XML “Páis Chríost”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tá mo cliathán le feiceál ag na sluaighte.Annsin dubhairt sé:
-An as seo a ólfas mé é, nó an as seo a ólfas mé?
-Is cuma dhuit cé acu é.Chroch sé féin a dheasláimh suas
Gus ghearr sé fíoghar na Croise anuas air
Agus rinne sé fíon folláin fuar dó.Thréig na naoimh é agus na h-Asboil
Thréig naomh Mícheál é an t-Árd-Aingeal
Tháinic na Trí Muire ghá fhaireadh
Muire Óig go brónach deacrach
A gruaig na sgaoiltí léi go talamh
Nuair a chonnaic sí féin a chóir a bhí ar an leanbh.
-Ó a Mháthair nach tú a bhí go maith dom,
Chaitheas trí ráithe i do lár i dtaisge
Rugadh mé i máinséar an asail.
D'fhulaing sí É ar a glúinibh geala
Níor leig sí aon deóir dá chuid fola faoi thalamh
Go ndeacha sé dhá treasgairt ar leacracha glasa.Síneadh É san uaigh mar síntear
Cuireadh clocha móra Air a bhí claonta claoidhte
Agus bhíodar ag faireadh a leabthan
Ar feadh na hoidhche sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Cúláin
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe