Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Strong Men
2/ Thomas Mullen Tomás Ó Mhultháin Cnoc na gCorr Baile'n Mhuilinn Tuaim Co. na Gaillimhe. Sé sin sean-athair Thomháis atá 'na chomhnuidhe
ag ceann an bhóithrín ghairbh anois. Bhí cáil air go raibh sé an-láidir agus chuala seanathair Mike Donohhue é. Bhí cáil ar Donohue freisin.
Lá dha raibh Ó Mhultáin ag dul go Gaillimh le ualach cruithneachtan sa gcairt casadh ó Donohue leis thuas áit eicint inaice le Ruisín. Thosuigh siad ag cur síos ar a neart agus bhí an-fhonn ar Ó Donohue neart an fhir eile a fhéachaint. Cé'n chaoi a mbainfimíd triall as a chéile anois arsa O Donohue.
"Árduigh an chairt agus a bhfuil ann de'n talamh arsa Ó Mhultháin. D'fhéach O Donohue leis ach níor thug sé gaoth dó. "Fag seo anois" arsa an fear eile agus rug sé greim ar na leath-chlaidheacha agus leis an gcéad iarracht leag sé an capall faoin gcairt ar a dá ghlúin. Annsin leig sé scread ar an gcapall idtreo is go mbeadh sí ar a h-aire. Rug sé a ghreim arís agus dárduigh sé an chairt is a raibh ann de'n talamh. Thosuigh sé gá luasgadh anonn is anall agus an capall ag imtheacht i rith an achair -