School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó dár b'ainm Pádhraig a bhí ag dul go dtí Co Mhuigheó ag iarraidh oibre.”
(continued from previous page)ann. Ní raibh sé in-ann codhladh a dhéanamh agus chuir sé na cosa agus na bróga isteach ins an teine agus nuair a bhí siad beag-nach dóighte thóg sé amach iad agus bhain sé na bróga díobh. Annsin do chuir sé na bróga isteach ina mhála afus d'fhág sé na cosa i lár an úrláir. Annsin sgaol sé ceann de na beithidhighibh agus chuaidh sé amach san halla. Dhúisigh fear an tighr agus dubhairt sé le ceann dá inghneachaibh éirighe agus an bhó do cheanngailt arís. Nuair a chonnaic an cailín na cosa ar an úrlár leig sí sgread agus dubhairt sí le'n hathair éirighe go mear go raibh an fear a bhí ina codhladh sa tuighe ithte ag an mbuin. Bhí aonach i dTuaim an lá ina dhiaidh sin agus dubhairt an t-athair leis na cailíní an bhó a thabhairt go dtí an t-aonach agus í a dhíol dá mba leo mar ní ólfadh siad braoin de bhainne na bó sin arís. D'fhág siad an bhó ar thaobh an bhóthair agus d'imthigh siad abbhaile. Bhí Pádraig taobh istigh de'n claidhe agus nuair a bhí na cailíní imthighthe tháinig sé amach agus thug sé an bhó ar an aonach agus fuair sé scór punt airgid uirthi. Annsin chuaidh se abhaile agus bhí sé an t-sásta leis féin.- Informant
- Seaghán Mac Ualtain
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Gort Chluain Mór, Co. na Gaillimhe