Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta Grinn.Bhí fear ag dul thart fadó ag toraigeacht oibre agus tháinig sé go dtí rí agus dubhairt an rí go dtiubhraid sé obair dhó dá mbeadh sé i n-ann na pluidheanna a ghoidh uaidh san oidhche agus go mbeadh a ghunna aige istigh sa leabhadh.
Dubhairt an fear go mbéadh. Bhí roiligh in aice na h-áite agus do cuireadh fear ann an lá céadna. Cuaidh an fear go dtí an uaigh agus do thóg sé an corp amach agus do chuaidh sé go dtí seomra an rí. Tháinig sé go dtí an fuinnéoig a bhí sa seomra agus do chuir sé an corp i n-a sheasamh taobh amuigh dí. D'féach an rí amach agus shíl sé gurbh é an fear a bhí ann. Annsin do sáith an fear chloigeann an corp isteach sa bhfuinneóig agus do cur sé láma an corp isteach freisin. Bhí faitchíos ar an rí annsin agus chait sé urcar agus nuair a chait an fear an corp isteach san seomra do léim an rí amach as an leabadh agus do rug sé ar an bhfear mar shíl, agus rith sé amach agus cuir sé san rolig é, Nuair a fuar an fear imtigthe amach é chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Dheaghaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 67
- Seoladh
- An Laighdeacán, Co. na Gaillimhe