Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0277](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0025%2FCBES_0025_0277.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0277
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a bhí Naomh Pádraic sa tír seo, tugadh duine eichínt dhó lé na bhaisteadh. Thosuigh sé ar an baisteadh agus an bathal a bhí aige d'fág sé uaidh é. Bhí sórt bir ar a bhárr, agus chúaidh sé tré chos an dhuine a bhí dá bhaisteadh aige. Cé'n fáth nár innis tú dhom é? adeir Pádraic. Ceapas adeir an duine eile gurb páirt an bhaisteadh é, ach níor ghorthugh sé mé go mór.
Núair a bhí ár Slánuightheóra óg bhí na Saighdhiúire ina dhíaidh lé na mharbhadh. Bhi a mháthair ag íarraidh teicheadh leis. Lá amháin bhí sí an-tuirseach agus shuidh sí síos. Chonnaich sí na Saighdhiúire ag teacht. Chuir sí an pháiste ina phráiscín agus thainich síad súas léi , agus dúbhairt síad leí é a fhosgailt agus ceard a bheadh ann acht úan agus d'imthigh síad leó.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe