Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is nádúrach an rud é búachaillí a fheiceál ag déanamh spórt dhóibh féin. Seo cuid de na cleaseanna a bhíos ar siubhal aca. Ag déanamh gunnaí. Gheibheann síad teannaire, geareann síad poll i ngach taobh de gearrann síad píosa turnap annsin agus gheibheann síad píosa cipín agus cuireann síad isteach i taobh amháin é agus annsin brughann síad an píosa turnap in aghaidh an phíosa eile agus déanann sé torann mór. Rud eile a dhéanann síad , cuireann síad lúbaí roimh coiníní. Gheibheann síad srang- láidir, fada agus casann síad ar a chéile é agus déanann síad sort lúb de agus cuireann síad i bpoll sa mballa é agus núair a thiocfas an coinín lé dul amach san bpoll cuireann sé a cheann amach ann agus ní féidir leis imteacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe