Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair sé rópa agus ceanngail sé é le h-adharca na bó. Cuir an fear an rópa síos an simléir, agus cheanngal sé thart timpheall ar a cúm é, agus thosuigh sé ag déanamh maistreadh. Nuair a bhí a maistreadh leath déanta aige do thosuigh an bhó ag léimnigh taobh amuigh, tharraing an bhó an fear suas sa simléir agus thosuigh sé ag sgreadaighíl go raibh sé marbh, i lár an sgeíl thainigh Máirín isteac. Nuair a chuala sí an rí-rá thosuigh sí féin ag sgreadaighíl, dubhairt sí "cá bfhuil tú, cá bhfhuil tú a Páidín". Dubhairt Páidín go raibh sé suas sa simléar agus é marb. Dá mbeadh tú marbh arsa Máirín ní bheadh tú ag cainnt. Muna bhfhuil mé marbh adeir Páidín tá mé beagnach marbh. Ghearr sé anrópa annsin le sgín géir, agus thuit sé síos o'an simléar. Ó arsa Páidín tá mo shaith agamsa ní fhanfhaidh mise istigh aríst fhaid a fhanfhas an ghrían sa spéir. Fuaireas an scéal seo ó m'athair:
Michéal Ó Ioinsigh,
Drirm-Ghriobhtha,
Corr na Dulla,
Co Na GaillimheMise Sean Ó Ioinsigh- Bailitheoir
- Seán Ó Loinsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Grifín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Loinsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Grifín, Co. na Gaillimhe