Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0151
  3. XML “An Chailleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Cailleach.
    Bhí cailleach ann fadó agus bhí galar uirthi agus ní raibh sí in-ann eirghe as an leabaidh chor ar bith. Chuala sí go leighisfidhe í da dteigheadh sé [!] go roilig in-am marbh na h-oidhche. Ní raibh fhios aice ce'n chaoí a rachadh sí ann mar ní raibh sí in-ann siubhal. Dubhairt fear go n-iompróchadh sé ann í. Ar chaoí ar bith tháinig an oidhche agus chuir an fear an cailleach isteach i mála agus thug sé go dtí an roilig í. 'San am céadhna bhí fir ag dul ag goid caorach. An oidhche sin bhí sé socruighthe ag beirt fear dul ag goid caorach. Chuaidh an beirt isteach ins an roilig. Chuaidh ceann aca amach go páirc eile a raibh na caoirigh.
    D'fhan an fear eile 'san roilig ag cuir faobhar ar an sgian leis an gcaora a mharbhughadh. Bhí sé ag cuir faobhar ar an sgian nuair a tháinig an fear leis an gcailligh. Nuair a chuala fear ag teacht é cheap sé gurab é a chomráda a bhí ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe