Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 184
- XML “Cúl na Beinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Saibhreas Seoirse 's fagam-sa cruinn é
B'fhearr liom acra de'n bogach baidhte
Atá idir an Maimín is an Inse Droighin
Céad rinnce le cailiní lá saoire is Domhnaigh
Ag ceann na mboithre i gCul na Beinn.
(IV)Dá mbeadh fhios ag na cruaidh fhir
Atá ar taobh Cnoc Néifin
Go bhfuil mé in aonar ná in mo luighe tinn,
Thiocfaidis ar fad fa mo dhéin-se
Lé eachraidhe gleigeala agus coistí clonn,
Gléasaidis bainfeis, fleadh agus féasta
Siams' 's pléisiúr agus toga gach ceóil
Bhéadh dá chéad fear aca ar meisge in éinfeacht
I dteach Tom Dailí i gCul na Beinn.
(Sean bhean ó Acaill a d'aithris dhom)