Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- XML Leathanach 364
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit AinmneachaTá go leor sean ainmneacha san áit seo, "Log Mór", thug siad an t-ainm sin air mar tá loch inaice leis. "Loch Glas", thug siad an t-ainm sin air mar tá oileán glas amuic ann. "Bóthair Pat Sweeney", thug siad an t-ainm sin air mar an chéad chairt a fuair sé bhí sé ag tairint na gcloch le h-aghaidh a thighe. "Loch Geall", thug siad an t-ainm sin air mar tá uisce gheall san loch. "Clasaigh na dTaidhbhisí", thug siad an t-ainm sin air mar ta poll mór ann agus tá sé lom-lán le taidhbhisí, agus feiceann cuid de na daoine fir agus mná ann san oidhche."Bun an Bhóthair", thug siad an t-ainm sin air mar tá sé briste ag a bhun. "Gób Bán", thug siadu an t-ainm sin air mar tá gób bán ag dúl amach san loch. "Poll Mór", thug siad an t-ainm sin air mar tá poll mór cruinn ann agus sin é an fath a thug siad an t-ainm sin air. "An t-sean Bóthar", thug siad an t-ainm sin air mar fadó bhí an bóthar sin ag dul síos go dtí an cladach. "Gób na h-Áirde", thug siad an t-ainm sin mar tá gób ag dul amach san fharraige agus sin é an fáth a thug siad Gob na h-Airde air an áit sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Páid Ó Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo