Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Stoirmeacha Móra a Bhí in Acaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Stoirmeacha Móra a bhí in Acaill
    Bhí gárda fhairrge (Coast guard) céad bliadhain ó shoin ar an Chaoil, oidhche amháin thanaig stoirm ba mhó a thanaig ariamh in Acaill. Bhí gabha ar an Chaoil dar bhainm Ó Mongáin, bhí an gárda in a aghaidh, agus an t-ainm a bhí air, Reynolds, oidhche amháin san bhliadhain 1839 bhí sé olta agus bhí sé ar meire. Bhí se ag dul ar fud na Caoille agus a chlaidhm tarrainte aige, bhí tlú ag Ó Mongáin, mar bhí Reynolds ag briseadh an doras isteach air, seas sé taobh thiar d'en doras, agus nuair a thanaig Reynolds isteach, thug sé buille do agus leag sé é, mair sé cúpla lá agus cailleadh é. Cuireadh é san Chuileanach, bhí Nangle san áit annsin, thóg siad arís é go bhfeiceadh siad a mbeadh siad ábalta dlighe a chuir ar Ó Mongáin agus chuir. Bhí na tighthe leaghtha an oidhche sin, agus bhí gach rud leaghtha, acht níor thanaig aon mhaitheas ar an dlighe a chuir siad ar Ó Mongáin, bhí an stoirm sin ar fud Éireann uilig, an t-ainm a tug siad ar an oidhche sin "Oidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Páid Ó Cabharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo