Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thosuigh mac an Ríogh ag coimhead ortha. Ins an deireadh chuaidh sé síos fhad leobhtha. D’Fiafruigh sé do cailleach na spáige móire cá tuige a rabh an spág mhór uirthi. Dubhairt sí bhí droch fhear agamsa agus choinnigh sé mé ag sníomhadh go dtí gur at an cois agus tá sé mar sin ó shoin. Annsin d’fhiafruigh sé don cailleach eile cá tuige a rabh an lámh mhór uirthi. Dubhairt sí go rabh droch fhear aici agus choinnigh sé ag figheadóireacht i gcomhnuidhe í gur at a lámh. Annsin d’fhiafruigh sé don cailleach eile cá tuige a rabh an srón mhór uirthi. Dubhairt sí bhí droch fhear agamsa fosta agus chonbhuigh sé mé ag fuigheall I gcomhnuidhe. Bhí mó cheann crom agam agus chuaidh an méid fola a bhí ann mó chorp isteach ann mó shrón agus ní theachaidh sé arais ó shoin. Chreid mac an Ríogh an sgéal seo, agus dubhairt sé na leigfeadh sé do na mhnaoi sníomhadh, fighe, nó fhuigheall níos mó. Bhí athas ar an chailín nuair a chualaidh sí seo. Thiocfadh léithi rud ar bith ba mhian léithi a dhéanamh na dhiaidh seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Nic Ghloinn
    Inscne
    Baineann