Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 228
- XML “Abairtí i dtaobh na hAimsire - Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná nuair a mbíonn na geannai feadhaine ag sgreadaigh san spéir, agus nuair a mbíonn na lachainn ag sgreadaigh is ag piocadh a gcuid cluimhrighe.
An TeineNuair atá solus gorm sa teinidh deirtear go bhfuil sé fá choinne stoirme agus fosta nuair atá teas mhór ag an teinidh deireann na daoine go bhfuil stoirm le teacht fosta. Nuair a thuiteann súgha ó'n t-seimléir agus seideadh anuas ann tá sé ráidhte i gcomhnuidhe gur comhártha fearthainne é.
Comhártai ó'n FairrgeNuair a thiocfas dorchadas ar an fhairrge deireann na sean-daoine go bhfuil sé dhul a chur.Nuair atá na muca-mara ag éirigh ar bharr na dtonn; agus nuair a fhágann na faoileogai an fhairrge agus téigheann siad bealach na gcnoc deirtear gur mhór an comhártha(leanann ar an chéad leathanach eile)