Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)

Suíomh:
Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ua Gafacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhichíl
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Abairtí i dtaobh na hAimsire - Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa spéir tá sé raidhte gur comharthá athrughadh aimsire é. Fosta nuair atá an rúille-búille sa spéir deirtear go bhfuil sé fá choinne droch aimsire.

    Ná h-ainmhidhe agus na h-éanlaithe
    Deireann na sean daoine go n-innsigheann chuid de na h-ainmhidhe má tá aimsear olc ag teacht. Déirtear nuair atá an cat i n shuidhe agus a chúl leis an teinidh go bhfuil sé dhul a chur. Fósta, nuair a tá sí ag scríobadh ar adhmad le na gcuid crúb go bfuil sí fá coinne stoirme.
    Nuair a itheann an madadh féar deirtear gur comartha fearthainne é, agus nuair a bíonn an madadh ag brionglóidigh tá sé ráidhte go bhfuil stoirm ag teacht.
    Nuair atá ná faínleógai ar éiteoig go fíór íseal dó'n talamh deirtear gur comhártha fearthainne é, agus nuair a thig na spidogaí go dtí an t-sráid tá sé ráidhte go bhfuil sneachta le theacht.
    Comhárthai eile de dhroch-aimsir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge