School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 236
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí drouer i nÉirinn fadó, agus bhí mac aige a bhí íontach tugtha do'n ól. Lá amháin thug an t-athair ceud bológ agus d'iarr air a dhul anois agus a bheatha a bhaint amach.”
(continued from previous page)cheád rud a dheánfas tú tabhair iarraidh ar claidheamh an t-soluis.
Ba mhaith an mhaise do é nuair a chuaigh sé annsin, sin an chead rud a rinne sé iarraidh ar chloidheamh an t-soluis. Fuair sé greim air. Bhain an cumhdach de, agus nocht an solus mór.
Tháinig " Captain Braser" fhad leis. "Tabhair damh-sa an claidheamh," arsa'n captain " agus bheirfidh mé duit do bhocsa. "Tabhair thusa damh-sa an bosca agus bheirfidh mise duit-se an claidheamh, " arsa Jack.
Thug " Captain Braser" do an bocsa, acht chá déarn Jack a dháth ach an solus a thionntódh, agus an captain a dhoghadh. Bhí an claidheamh agus an bocsa leis amach as an chaislean, agus a mharchuidheacht leis ar an bheitheach. Bhain sé féin agus an beathach amach an teach a d'fhág siad.
D'fhág sé claidheamh an t-solius ag an t-sean-bhean ins an teach bheag. Chuir an bocsa ar a dhruim agus ar shiubhal leis. Nuair a chuaidh sé fhad le teach an rí(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Mághnus O Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Mín an Leá, Co. Dhún na nGall