Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 050
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear 7 bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh 7 crann a bhaint 7 é a thabhairt na bhaile.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé buille do'n tuaidh do féin sa chos agus phill sé na bhaile agus an chos crócta leis.
Lá thar na bhárach cuireadh an dara mac amach le crann a bhaint. Cuireadh a chuid leis mar an gceadna agus nuair a shuidh sé síos a ithe a lón thainig fear beag agus diarr sé cuid de'n lón air, ach h-iarradh air bogaint leis go raibh sé beag go léir aige féin. Thoisigh sé ar an chrann a bhaint annsin agus thug sé buille don tuaidh do féin cosamhail leis an chéad fhear agus phill sé na bhaile agus a chos cróchta leis.
Lá thar na bhárach cuireadh an mac a b'óige amach le crann a bhaint. Ní raibh sé seó go críonna leis an bheirt eile agus cha dtug a mháthair do ach bunóg aráin abhí chomh cruaidh le cloch agus buideal fíon abhí comh géar agus go ngearradh sí an teanga duit.
Nuair a shuidh sé síos a dheanamh a chodach thainig an fear beag ceadna chuige agus d'iarr sé cuid de'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhuibir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall