School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 050
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear 7 bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh 7 crann a bhaint 7 é a thabhairt na bhaile.”
(continued from previous page)sé buille do'n tuaidh do féin sa chos agus phill sé na bhaile agus an chos crócta leis.
Lá thar na bhárach cuireadh an dara mac amach le crann a bhaint. Cuireadh a chuid leis mar an gceadna agus nuair a shuidh sé síos a ithe a lón thainig fear beag agus diarr sé cuid de'n lón air, ach h-iarradh air bogaint leis go raibh sé beag go léir aige féin. Thoisigh sé ar an chrann a bhaint annsin agus thug sé buille don tuaidh do féin cosamhail leis an chéad fhear agus phill sé na bhaile agus a chos cróchta leis.
Lá thar na bhárach cuireadh an mac a b'óige amach le crann a bhaint. Ní raibh sé seó go críonna leis an bheirt eile agus cha dtug a mháthair do ach bunóg aráin abhí chomh cruaidh le cloch agus buideal fíon abhí comh géar agus go ngearradh sí an teanga duit.
Nuair a shuidh sé síos a dheanamh a chodach thainig an fear beag ceadna chuige agus d'iarr sé cuid de'n(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Dhuibir
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gabhla, Co. Donegal