Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 3
- XML “Teann, Teann, a Ribe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar seisean. "Teann, teann a ribe", ar sise, "agus bain an ceann de'n bhréidín". "Is doiligh damh é" arsa an ribe, "a's mé ar chúl mo chinn sa teinidh". Thainic an cú annsin ach bhí sí ró-láidir ag an éoin. "Cuidiú, cuidiú a sheabhac" ar seisean, "Teann, teann a ribe" ar sise "agus bain an ceann de'n bhréidín". "Is doiligh domh é" arsa an ribe "agus mé ar chúl mo chinn sa teinidh". Thainic an scabach agus phioc sé na súile aistí ach mar sin fhéin ní rabh sí buailte go fóill aca. "Cuidiú, cuidiú a each" ar seisean. "Teann, teann a ribe" arsa sise, " agus bain an ceann de'n bhréidín". "Is doiligh domh é" arsa an ribe "agus mé ar chúl mo chinn sa teinidh". Thainic an t-each annsin agus fuair an t-iomlán acu buaidh uirthi. Annsin nuair a bhí sí chomhair marbh acu d'iarr sí ortha gan í a mharbhadh agus go dtabharfadh sí croc óir dóbhtha. Dubhairt sí go rabh an bheirt eile agus a gcuid eachraí na gclocha taobh amuigh. Leig siad díthe annsin. Chuir sí a lámh siar faoi an leabaidh, tharraing aniar croc óir agus shín dó é. Chuaidh sí amach annsin agus bhuail sí buille de shlait draoidheachta ar na clocha. D'éirigh a bheirt dearbhraithreacha agus a gcuid eachraí beo slán aríst. Bhí lúthgháir mhór ar Phádraic rompa agus d'imthigh an t-iomlán acu na bhaile agus croc an óir leo. Bhí dóigh bhréagh ortha ó sin amach.(Prionnsias Mac Pháidin - Rann na Feirsde - Feirmeoir - Aois 41 bliadhain)
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall