Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Seanchainteanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    43. Má ghnidhthear sparan amach as croiceann easóige ní bheidh an sparan sin folamh a choidhche.
    44. Má sháitheann duine snáthad mhór ina chirteach agus é ag imirt chárdaí beidh ádh air agus bainfidh sé.
    45. Droch ádh i gcárdaí a bheith ag gearradh na ?aonta?
    46. Adh mhaith a bheith ag tionntughadh bainríoghaineacha.
    47. Má imrightear cárda agus é tuitim béal faoi ní bhainfidh an cárda sin (níor bhain béal faoi ariamh).
    48. Má chuimiltear ruball cait duibh ar shleamhnan a bhéádh ar an tsúil deirtear go ndéan sé an sleamhnan a leigheas.
    49. Má thig cat dubh in do bhealach agus tú gabhail i gcionn turais deirtear go n-éireochaidh a shiubhal leis.
    50. An té bhíos ag brionnglóidigh go mbíonn sé ag tuitim le beanna bíonn sé ag tuitim i bpeacadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge