Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 161
- XML “Seanchainteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)34. Nuair a thoisigheas an coileach a screadaigh frid an lá sin comhartha fosta go bhfuil stroinnsiar ag teacht.35.Nuair a thuiteas aibhleog amach as an teinidh sin comhartha go bhfuil duine ag teacht isteach.36.Má ghearann madadh duine is ceart an madadh sin a bháthadh. Mara mbádhtar deirtear nach gcneasuigheann an chreach.37.Nuair a theidheas duine amach a' snámh san fhairrge is ceart dó é féin a choisriocadh leis an tsáile - sábhlann sin ón bháthadh é.38.Má bhíonn snag ar leanbh sin comhartha go bhfuil an leanbh sin ag biseadh.39.An té a ghnidheas goradh cúl cos deirtear go bhfuil sé ag déanamh stoirm.40.Ma bhíonn uaigneas ar dhuine indiaidh duine a fuair bás deirtear má leagann an duine sin a lámh ar an chorp go ndéanfaidh sé dearmad don duine.41.Má mharbhuigheann duine crucairt go ngearrfaidh na crucairtí eile a chuid éadaigh.42. Má bhíonn crucairt le duine i mbosca beidh ádh air.(leanann ar an chéad leathanach eile)