Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)144.is deacair do shac follamh seasamh.
145. D'ólfadh sé an chros de'n asal agus an asal í féin ina diaidh.
146. Nuair a bhíonn an bheoir istigh bíonn an chiall amuigh.
147.Ní cheileann meisce rún.
148.An té nach n-ólann ach uisce ní bhíonn sé ar meisce.
149.Domhnall ar meisce agus a bhean ag ól uisce.
150.Marbh le tae agus marbh gan é.
151.Nuair is gainne an biadh is ann is cóir a roinnt.
152.Is beag an rud nach buainne ná'n duine.
153. Is iomaí cor ag an bhás ort.
154. Is iomaí cor sa tsaoghal.
155. Is cleasach, lúbach an fear an saoghal.
156. Cá bhfuil an sneachta mór bhí anuraidh ann.
157. Lá níos sine lá níos eolaghe.
158. Fhad is mhairfidh sé foghnadh sé.
159.Má's fada an lá thig an oidhche.
160. Tá sé ag déanamh leath dó féin agus leath do'n tsaoghal.
161. An té atá saor caitheadh sé cloch.
162. is deas do do bhéal a mholas tú é.
163. Chan é lá na gaoithe lá na scolb.
164. Lá indiaidh an mhargaidh.
165.An rud a théidheas i bhfad téidheann sé 'un fuaire.
166.Chuaidh sé isteach ar fud clár is fuinneog
167. Fuair se éalódh idir cliath is ursan.
168. Nuair a chaith tú an choinneal caith an t-órdlach.
169.Crúthughadh na putóige a h-ithe.