School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 114
- XML “Scéal Mairnéalaigh”
- XML “Laoi na mBuann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tsean chailleach. Ach indiaidh an iomláin níor bhog an phéist. Bhí sí ag teannadh leis. B'éigin dó na máirnealaigh a mhuscladh. D'éirigh siad fá dheireadh agus ghléas siad a gcuid eangach. Chuir siad cupla dola de na h-eangacha uirthi. Annsin bhain siad na súile aistí. Chuir siad sleagh fríd a chroidhe agus mharbhuigh siad í. Streachail siad isteach ar bórd í agus d'fhoscail siad í. Caidé a bhí istigh innti ach an tseanchailleach na suidhe ar stól agus í ag blighean an eallaigh.
- Comhnuidhe Críost ann mo chroidhe-sa
Fá chionn Íosa Mhic Mhuire
Gach Sathairn go lá'n bhráighe,
As tarraing d'áit in mo chroidhe-sa
Dia Luain san áit chéadhna
Le solas na m-anam.
Comhnuidhe Críost in mo chroidhe-sa
Rith neamh as talamh
Gach aon lá Márta go Lá an Eagaibh
As dearc fear déanta an áirnis(continues on next page)