Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)654. Léim ó’n teinidh ‘na gríosadh.
655. Chan i bhfad uaithe a mhoithigh sí an t-adhbhar.
656. Leig do fuaradh sa chroiceann ar théidh sé ann.
657. Ualach ghiolla na leisce
658. Fan leis an chabhair go bhfaghaidh tú í
659. Ní’l fhios cá h-áit a mbainfear móin dó.
660. Do fhéin a h-innistear é
661. Comhairle an daill do’n dall
662. Is furust cara fhághail nuair atá do spar án lán ach is cara fíor a gheobhas tú nuair atá sé follamh.
663. Nuair a lasfar dhá cheann na coinnle ní mhairfidh sí i bhfad.
664. An dall ag treórughadh an daill.
665. Is beannuighthe an té a ghnídheas
oidhche dhorcha agus lá,
Is beannuighthe an té a ghnídheas
pearsa fir agus mná
is beannuighthe an té a ghnídheas
Caora dhubh agus bhán,
Ach ní h-iongantaighe é,
Ná mar [éalliugheann]? muir agus tráigh(leanann ar an chéad leathanach eile)