Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)621. Tá saoghal maith aige má mhaireann sé.
622. Tá measaracht ar ‘acha’n rud, má’s ag ól an bhracháin é.
623. Tá’n lá saoire níós fuide ná an Domhnach.
624. Tá duine éighinteacht i gcomhnaidhe eadar é fhéin agus croich.
625. Tá gach mí sa bhliadhain ag mallachtaigh ar na Faoilligh má bhíonn sé ‘n-a thuradh.
626. Tá sé comh luath-intinneach leis an ghaoith Mhárta.
627. Tá sé mar tá sé agus chár fhás sé gan locht.
628. Toirneach Geimhridh, arán Samhraidh
Toirneach Samhraidh gorta geimhridh.
629. Tá sé anois ar stáid no fírinne agus sinne ar stáid na bréige.
630. Tá mé ag fás go dtí an talamh feasta, mar ruball na bó.
631. Tá an dá iarann déag sa teinidh aige.
632. Tá sé comh doimhin leis an fhairrge.
633. Tá sé comh h-ionraice leis an ghréin ghil.
634. Tart deireadh an óil.
635. Toiseach sláinte codladh, deireadh sláinte osna.
636. Tá sceimh na ndaoine uirri.(leanann ar an chéad leathanach eile)