Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 26

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 26

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 26
  3. XML “Seanráite (Seanfhocail)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    379. Mar bíos an cú bíonn an coilean.
    380. Más ion-mholta na sean-mhná is ion-chánta na mná óga.
    381. Mar bhé indiu é is amarach é.
    382. Mar gcuiridh tú shan earrach ní bhainfidh tú ‘san fhoghmhar.
    383. Más feall tuillfidh.
    384. Márt inide an chead mhárt de Ré na Féil’ Bríghde
    385. Mar chóirigh sí a leabaidh luighfeadh sí uirri.
    386. Muna raibh agat ach an gabhar bíodh lár an mhargaidh agat.
    387. Má’s maith leat aithne a fhághail air gabh i chomhnaidhe i n-aon-toigh leis.
    388. Maoidheamh bó ar an bhuachaill.
    389. Molann an obair an fear.
    390. Mortas tóin gan taca.
    391. Mac na mí-ratha ag gabhail amach indiaidh ceatha.
    392. Má tuiteann tú ná fan le h-éirghe.
    393. Nuair a chaith tú an choinneal caith an t-órdlach.
    394. Nuair a thig cabhair tig dhá chabhair.
    395Ní’l amadán ar bith is measa ná sean-amadán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge