Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lucht coimeadta 'n-a gcodladh ar feadh trí huaire an chluig agus tá siad 'na gcodladh i láthair na huaire seo agus bheirfidh mise do dtí an áit sin thú anois."
Spréidh sí amach a cuid eiteóg agus d'iarr sí ar an bhuachaill a gabhail ar a druim agus ní raibh siad i bhfad ag gabhail go dtí an áit a raibh na h-ubhlaí. Bhí ballaí móra, árda, timcheall an ubhallghort ach chuaidh an eala thar an bhalla agus d'fágh sí an buachaill istigh anns an áit a raibh na h-ubhlaí le fághail.
Líon sé an mála leis na hubhlaí, chuaidh ar dhruim an eala agus thug sí slán sábhailte é go dtí an chladach, thug sé buidheachas dithe, d'fhág slán aici, agus siubhail leis ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a tháinic sé go dtí an fear a bhí na trí chéad bliadhain, thug sé ubhall do agus d'éirigh sé 'n-a fhear úr, óg. Nuair a tháinic sé go dtí an dara fear, rinn sé an cleas céadna agus thug sé buidheachas do'n bhuachaill. Siubhal sé leis annsin go dtáinic sé go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall