Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 230
- XML “An Tarbh Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le airgead. Chuaidh ‘un stábla, chuir an diallaid ar an chapall dhubh agus d’imthigh leis agus níor tarraing sé srian go raibh sé ag áit na troda agus chonnaic sé inghean an Ríogh ceangailte i gcathaoir.
Sa deireadh thug na daoine fá dear na tonnaí móra ag teacht isteach agus i n-am ghoirid chonnaic siad an phéist. Thoisigh an cailín a screadaigh. Ach chuiadh na gasúr síos ‘n-a chladaigh agus thoisigh sé a troid leis an phéist. Chaith sé na h-iallacha uirri ach bhris sí iad. Chaith sé arais iad, agus arais eile, ach sa deireadh bhí sé ró [thiugh]? aici, chúlaigh sí amach san uisce agus dubhairt go mbéadh lá eile aca, lá thar na bharach.
Tugadh iarraidh an gasúr a chongbhailt ach chuir sé a lámh ann a phóca agus chaith sé lán a chráige de’n ór agus de’n airgead thart fríd an chruinniughadh. Thoisigh na daoine a chruinniughadh an óir agus an airgead agus d’éirigh leis an ghasúr imtheacht. Tháinic sé go dtí an caislean, chuir an beathadhach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall