Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 222
- XML “An Tarbh Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceist uirri caidé dheanfagdh biseach dithe.
‘Ní dheanfaidh a dhath ar an domhan biseach damh,’ ar sise, ‘ach cruag ar an tairbh bhig.’
‘Ní thig leat sin a fhághail,’ ars’ an fear.
‘Mar bhfaghaidh,’ ar sise, ‘gheobhaidh mé bás.’
‘Bhal,’ ars’ an fear, ‘ó thárla gur sin mar tá geobhaidh tú é.’
Annsin tiomanneadh teachtaire chuig an bhúisteóir agus
h-iarradh air a theacht agus an tarbh beag a mharbhadh. Bhí fhios ag an tarbh go rabhthar
le n-a mharbhadh . Tháinic an búisteoir agus tugadh órdughadh do’n ghasúr an t-eallach a chur ‘un toighe. Ach roimhe sin dubhairt an tarbh leis an ghasúr.
‘Anois,’ ar seisean, béidh an búisteoir ag an bhoitheach le mé a mharbhadh. Béidh do leas-mháthair amuigh ag faire agus rachaidh mise anonn agus roisfidh mé í.’
Ba’ ghnathach leis an tarbh fanacht i gcomhnaidhe go deireadh. Nuair a bhí siad ag teacht go dtí an boitheach bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall