Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “An Tarbh Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    spreaghadh ar an talamh. Rinne an gasúr mar h-iarradh air agus nuair a bhí an t-éadach spréidhte aige tháinic fear beag amach as an bhosca agus culaidh gheal air agus chumhdaigh sé an t-éadach le gach uile chineál bídh a b’fhearr ná a chéile. Rinn an gasúr a chuid go maith. Thiocfadh an tarbh beag chuige gach lá agus bhí dóigh mhaith ar an ghasúr.
    I gcionn tamaill thug an leas-mháthair fá dear go raibh an gasúr ag biseadh i n-áitba bheith ag meith agus bhí iongantas mór uirri. Dar leithe go gcuirfeadh sí amach a inghean go bhfeicfeadh sÍ caidé bhí an gasúr a fhághail le hithe. Chuir sí amach í.
    Ar maidin an lae sin tháinic an tarbh beag chuig an ghasúr agus dubhairt sé leis go raibh Inghean na leas-mháthra amuigh ag coiméadh go bhfeicfeadh sí caidé mar bhí an gasúr ag fághail a chodach.
    ‘Ach ‘ar’ seisean, ‘abair thusa, ‘codluigh súil, codluigh dhá shúil agus cuirfidh an ina codladh’
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Páidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    42
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall